Cineál | conradh |
---|---|
Rannpháirtí | |
Sínitheoir | |
Teanga an tsaothair nó an ainm | an Rúisis, an Fhionlainnis agus an tSualainnis |
Seasann na litreacha YYA do na focail Fhionlainnise ystävyys, yhteistyö, avunanto, nó cairdiúlacht, comhoibriú agus cuidiú. Tagraíonn siad don Chonradh um Chaidreamh Cairdiúil, Chomhoibriú, agus Chuidiú, a shínigh Vyacheslav Molotov, aire gnóthaí eachtracha an Aontais Shóivéadaigh, agus Mauno Pekkala, Príomh-Aire na Fionlainne, ar an séú lá de Mhí Aibreáin sa bhliain 1948.
Ar dtús, mhol an tAontas Sóivéadach don Fhionlainn conradh um chomhoibriú míleata a shíniú, cosúil leis na conarthaí a bhí ag na Sóivéadaigh leis na stáit shatailíteacha in Oirthear na hEorpa. Ní raibh na Fionlannaigh sásta leis an moladh seo, agus bhí eagla ar chuid mhór acu gurbh ionann a leithéid de chonradh a shíniú agus neamhspleáchas na tíre a thabhairt suas ar fad. Bhí na Sóivéadaigh sásta, áfach, dul i gcomhchainteanna leis na Fionlannaigh faoi ábhar an chonartha, agus sa deireadh thiar thall, bhí an conradh sách difriúil leis na conarthaí a bhí ag an Aontas Sóivéadach le tíortha Oirthear na hEorpa.